Plean Eacnamaíoch agus Pobail Áitiúl Luimnigh (2023-2028)

Is plean 6 bliana é Plean Eacnamaíoch agus Pobail Áitiúil Luimnigh (LECP) d’fhorbairt eacnamaíoch áitiúil agus forbairt pobail áitiúil ar fud Luimnigh. Baineann sé le bheith ag obair chun forbairt inbhuanaithe na bpobal i Luimneach a bhaint amach.


Ciallaíonn sé seo

  • Is féidir le daoine, cibé ait a bhfuil siad ina gcónaí is as cúlraí éagsúla iad, sult a bhaint as dea-cháilíocht maireachtála le rochtain ar sheirbhísí a theastaíonn uathu, spásanna agus áiteanna áise agus deiseanna a bheith acu a bheith rannpháirteach i saol pobail agus cathartha;  
  • Is áit mhaith í Luimneach le haghaidh gnó agus fostaíochta, ag soláthar poist ar ardchaighdeán do chách;  
  • Tá cathair bheo bhríomhar againn agus bailte agus sráidbhailte atá tógtha ón gcroílár agus atá ina n-áiteanna sábháilte le cuairt a thabhairt orthu, le maireachtáil iontu, le siopadóireacht a dhéanamh agus le hobair iontu;  
  • Is féidir linn maireachtáil ar bhealach níos inbhuanaithe trínár dtimpeallacht, na tírdhreacha nádúrtha agus an dúlra a chosaint, agus a oiriúnú do na dúshláin mhóra atá romhainn leis an athrú aeráide; 
  • Táimid athléimneach i gcoinne dúshláin nua agus uaireanta nach bhfuil aon choinne againn leo. Is féidir linn teacht ar bhealaí nua chun rudaí a dhéanamh agus oiriúnú don athrú. 

Ar ais go barr

Cad atá sa Ráiteas Socheacnamaíoch?

Cuireann an doiciméad seo Ráiteas Socheacnamaíoch i láthair don Phlean Eacnamaíoch agus Pobail Áitiúil Luimnigh. Leagann sé seo amach:

  • Faisnéis staitistiúil agus eile ar phróifíl shóisialta agus eacnamaíoch Luimnigh.  
  • Aidhmeanna Ardleibhéil an Phlean agus Ráiteas Físe ar cad ba mhaith linn a bhaint amach do Luimneach. 
  • Cuspóirí Forbartha Eacnamaíochta Inbhuanaithe. 
  • Cuspóirí Forbartha Pobail Inbhuanaithe. 
  • Cuspóirí Comhtháite Inbhuanaithe – a thugann cuspóirí eacnamaíocha agus pobail le chéile. 

Áiríonn an ráiteas cuspóirí samplaí de chineálacha gníomhartha a d’fhéadfaí a dhéanamh agus cuireann sé ceisteanna faoi na tosaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Ar ais go barr

Conas is féidir liom páirt a ghlacadh sa phróiseas chun an LECP a ullmhú?

Cuirimid fáilte roimh aighneachtaí agus bhur dtuairimí ar aon cheann de na gnéithe den ráiteas socheacnamaíoch – na Spriocanna, na Cuspóirí agus bhur smaointe maidir le gníomhartha tosaíochta.  Is féidir le d’aighneacht a bheith:

  • Ar líne anseo a dhéanamh
  • Trí ríomhphost chuig lecp@limerick.ie a sheoladh no
  • I scríbhinn a dhéanamh chuig an LECP, An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, An Stiúrthóireacht Pobail, Turasóireachta & Cultúir, Halla na Cathrach, Cé na gCeannaithe, Luimneach V94 EH90 

Is é an dáta deiridh le haighneachtaí a fháil ná Domhnach 5pm 30 Aibreán 2023.

Déan d’aighneacht i bhfoirm amháin, le do thoil, i.e. ar líne, trí ríomhphost nó i gcóip chrua tríd an bpost.   Ba cheart go mbeadh teideal Comhairliúcháin LECP ar na haighneachtaí agus ba cheart d’ainm, do sheoladh agus nuair is cuí, an comhlacht nó an eagraíocht a bhfuil ionadaíocht á dhéanamh air a lua.

Reáchtálfar roinnt Cruinnithe Poiblí ionas gur féidir daoine a chur ar an eolas faoin LECP agus a gcuid tuairimí agus smaointe a chur in iúl. Seo a leanas sonraí maidir le dáta, ionad agus am na gcruinnithe poiblí seo: 

Áit

Ionad

Dátaí Cruinnithe agus Am

Teampall an Ghleanntáin

The Devon Inn Hotel

Dé Céadaoin 22ú Márta 7pm

Áth Dara

Woodlands Hotel

Dé Déardaoin 23ú Márta 7pm

Cathair Luimnigh

Strand Hotel

Dé Luain 27ú  Márta 7pm

Cill Mocheallóg

Deebert House Hotel

Dé Céadaoin 29ú  Márta 7pm

An Cheapach Mhór

Ionad Pobail na Ceapaí Móire

Dé hAoine 31ú  Márta 7pm

Déanfaimid iarracht dul i dteagmháil le cruinnithe breise ar an LECP agus iad a óstáil le haghaidh grúpaí – mar leanaí agus daoine óga, imircigh, daoine scothaosta, agus daoine faoi mhíchumas – nach bhfreastalaíonn ar chruinnithe poiblí de ghnáth.

Ar ais go barr

Cad a tharlaíonn le m’aighneacht?

Déanfaidh an Chomhairle do thuairimí a mheas agus í ag dréachtú Plean Eacnamaíoch agus Pobail Áitiúil Luimnigh (LECP). Déanfar athbhreithniú ar na haighneachtaí go léir agus úsáidfimid na tuairimí / smaointe chun an LECP a mhúnlú.  

Foilseofar na haighneachtaí mar chuid den tacar doiciméad a bhaineann le Plean Eacnamaíoch agus Pobail Áitiúil Luimnigh.

Ar ais go barr

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil, le do thoil, le

Fón: 061 556000

Ríomhphost: lecp@limerick.ie 

Ar ais go barr

This service is provided by

Urban and Rural Community Development

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Merchant's Quay, Limerick V94 EH90