Is féidir leat clárú anois le haghaidh an 9ú heagrán den ghlanadh aon lae is mó in Éirinn, Foireann Glantachán Luimnigh (Team Limerick Clean-Up TLC8). Beidh sé ar siúl ar Aoine an Chéasta, an 29 Márta 2024, ar fud chathair agus chontae Luimnigh.
Moltar d’oibrithe deonacha clárú go luath ar www.teamlimerickcleanup.ie agus páirt a ghlacadh inti lená déanamh an TLC is fearr riamh. Iarrtar freisin ar na rannpháirtithe i TLC9 go cloífidh siad go docht le treoirlínte na sláinte agus na sábháilteachta, de réir threoracha an Rialtais agus an FSS.
I mbliana, iarrtar ar rannpháirtithe an TLC9 cara agus aon chomharsa nua sa phobal a thabhairt in éineacht leo chun páirt a ghlacadh ann d'fhonn contae níos glaine agus níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht a dhéanamh as Luimneach . Beidh na cruinnithe tae is caife, a bhfuil móréilimh orthu i gcónaí, ar siúl tar éis an ghlantacháin freisin in áiteanna ar fud na cathrach agus an chontae.
Is tionscnamh arna urrú ag Ciste Carthanachta JP McManus í Foireann Glantachán Luimnigh agus tá na hoibrithe deonacha agus comhpháirtí an imeachtaí Mr. Binman tar éis os cionn 450 tona bruscair a bhailiú ó na sráideanna ó cuireadh tús léi sa bhliain 2015
Tá na figiúirí rannpháirtíochta foriomlán os cionn 100,000 lena n-áirítear oibrithe deonacha ó gach cineál cúlra ó scoileanna, coláistí agus clubanna CLG, go Rugbaí na Mumhan, pobail, grúpaí cónaithe, gnólachtaí, carthanachtaí, tithe altranais agus daoine a bhfuil aithne mhaith orthu go háitiúil.
Tugann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh tacaíocht don TLC. Arna fhaomhadh ag Paul O’Connell, tá Mr. Binman, The Limerick Leader, The Limerick Post, I Love Limerick agus Limerick Live 95FM i measc na gcomhpháirtithe oifigiúla.